Cuntas Thaidhg Uí Chianáin ar Thuras Deoraíochta na dTaoiseach Ultach, 1607–8

Published in Early Modern History (1500–1700), Features, Issue 4 (Jul/Aug 2007), Volume 15

Seán Mag Colgáin, a bhog lámhscribhinn Uí Chianáin ón Róimh go Lobháin. John McColgan, who removed Ó Cianáin’s manuscript from Rome to Louvain. (St Isidore’s College, Rome, Foto Gioberti Studio)

Seán Mag Colgáin, a bhog lámhscribhinn Uí Chianáin ón Róimh go Lobháin. John McColgan, who removed Ó Cianáin’s manuscript from Rome to Louvain. (St Isidore’s College, Rome, Foto Gioberti Studio)

I mí Mheán Fómhair na bliana 1607 sheol príomhthaoisigh na nGael i gCúige Uladh ó chéibh bheag in aice le Ráth Maoláin i bhFánaid, i dtuaisceart Thír Chonaill, agus amach trí bhéal Loch Súilí. ‘Pearsa d’uireasa ar chéad is ea a bhí sa long’ a deir tuairisc chomhaimseartha, agus é ar intinn ag Aodh Mór Ó Néill, Iarla Thír Eoghain, agus ag Rúraí Ó Dónaill, Iarla Thír Chonaill, in éineacht lena a lucht leanúna, a mbealach a dhéanamh chun na Spáinne. Bhí súil acu a chur ina luí ar an rí, Pilib III na Spáinne, tacaíocht armtha a thabhairt dóibh, i dtreo is go bhféadfaidís filleadh abhaile gan mhoill agus a ndúichí féin—nó fiú an tír fré chéile—a shaoradh ó smacht Shasana, agus deireadh a chur le forlámhas na heaglaise stáit (.i. an eaglais Phrotastúnach) ar chreideamh na ndaoine.

An cúlra polaitiúil

Bhí na hUltaigh tar éis cogadh sách éifeachtach a fhearadh ar phríomhnamhaid na Spáinneach, na Sasanaigh, ar feadh naoi mbliana, agus bhí dóchas acu go mbeadh buíochas dá réir le léiriú dóibh ag na Spáinnigh. Ach ní mar sin a bhí! Mar a dúirt Tomás Ó Fiaich beagnach dhá scór bliain ó shin: ‘Bhí na hIarlaí tagtha ar an Mhór-roinn fiche bliain rómhall’. Is amhlaidh a bhí an t-atmaisféar polaitiúil san Eoraip athraithe ó bhonn le tamall de bhlianta anuas. Bhí na tíortha móra, an Spáinn, an Fhrainc agus an Bhreatain, traochta agus spíonta ag blianta fada cogaíochta (.i. ‘Na Cogaí Creidimh’). Bhíothas ag iarraidh teacht ar réiteach eatarthu, agus ní raibh fonn ar bith ar na Spáinnigh, ná fiú ar an bPápa féin, go dtiocfadh na hÉireannaigh ag lorg cabhrach—go háirithe cabhair mhíleata—orthu ag am chomh míthráthúil leis seo.
Ach ní raibh sé i ndán do na hÉireannaigh cos a leagan riamh ar thalamh na Spáinne. Tharla stoirm ollmhór ar an bhfarraige a thug ar na mairnéalaigh ar an long a n-aghaidh a thabhairt ar chósta na Fraince—níor thuigeadar ag an am go raibh siad i ngiorracht scór míle de chósta thuaidh na Spáinne! Faoi dheireadh, ar 4 Deireadh Fómhair (Lá Fhéile Proinsias), tar éis dóibh beagnach trí seachtaine a chaitheamh ar an bhfarraige, tháinig na hÉireannaigh i dtír ag calafort beag darb ainm Quillebeuf, in aice le Le Havre, in iarthuaisceart na Fraince.
Nuair a bhogadar amach as an mbaile beag sin sa Normainn bhí Ó Néill, Ó Dónaill agus a lucht leanúna ag tosnú amach ar thuras—ar mhuin capaill, i gcóistí nó, go minic, de shiúl na gcos, a chríochnódh naoi mí ina dhiaidh sin i gcathair na Róimhe. Ach sula mbainfidís ceann scríbe amach, bhainfeadh cuid mhór eachtraí dóibh agus d’fheicfidís radharcanna nach raibh aon choinne acu leo.

Foinse ár n-eolais

Tá méid áirithe fianaise le baint as Páipéirí Stáit na nGall—fianaise a shíolraigh, cuid mhaith, ó thuairiscí spiairí i measc na nÉireannach a bhí ag feidhmiú d’údaráis na Breataine. Ina theannta sin tá eolas fiúntach le baint as cáipéisí a coimeádadh i gCartlann na Spáinne i Simancas. Ach tá foinse eolais eile fós againn atá i bhfad níos luachmhaire ná aon cheann acu sin.
Ar ámharaí an tsaoil, nuair a d’fhág na hIarlaí Ráth Maoláin, bhí fear ar bhord na loinge a bhain leis an aos léinn Gaelach agus a raibh ar a chumas, dá réir sin, cuntas sách mion a bhreacadh ar ar bhain do na hÉireannaigh le linn a dturais. Is mar sin a cuireadh le chéile an chéad sampla de dhialann dár scríobhadh riamh sa Ghaeilge. Agus ainm agus sloinne an údair sin? Tadhg Óg Ó Cianáin.
Bhí Muintir Chianáin ina dteaghlach léannta ag Mag Uidhir Fhear Manach ar feadh na gcéadta bliain. D’fhág breis agus scór den sloinne a bheag nó a mhór de rian ar stair chultúrtha nó pholaitiúil na hÉireann sa tréimhse idir teacht na Normannach agus tús an 17ú haois.

An tÚdar agus a Chúlra

Sna blianta beaga sular imigh sé in éineacht leis na hIarlaí, bhí cónaí ar Thadhg Ó Cianáin agus ar sheisear eile den sloinne i gContae Ard Mhacha, i mbaile fearainn Phort Niallagáin, i bparóiste Thuíneáin, in iardheisceart an chontae. Bhí Tomás Ó Fiaich den tuairim gurb amhlaidh a bhronn Aodh Mór Ó Néill talamh orthu sa chontae sin—tharla nárbh é contae dúchais Mhuintir Chianáin é. Ach, os a choinne sin, is fiú a lua go bhfuil baile fearainn darb ainm Dromad Uí Chianáin—Drumadd i mBéarla—tamall ó thuaidh ó Phort Niallagáin, in aice le baile Ard Mhacha, agus, ina theannta sin, go raibh ‘Ó Cianáin’ ar phríomhshloinnte Chontae Ard Mhacha timpeall na bliana 1659.
Liostaítear an seachtar úd de Mhuintir Chianáin i measc dreama in Ard Mhacha a fuair pardún ón gCoróin faoi Nollaig na bliana 1602, agus is iad seo a leanas ainmneacha an tseachtair: Cú Chonnacht Ó Cianáin, sagart, Seán mac Briain agus Cormac mac Briain, Pádraig Óg, Uaithne, Seán mac Pádraig Mhóir agus Tadhg Ó Cianáin.
Tar éis do Thadhg imeacht leis na hIarlaí rinneadh a shealús a choigistiú—de réir na bPáipéirí Stáit ní raibh aige ach cúig bhó déag, ocht ngamhain, gearrán, beithíoch capaill agus cúig mhuc fichead, arbh é £22 6s 2d a luach. Tamall ina dhiaidh sin tugadh an t-iomlán ar ais do bhean Thaidhg ar iarratas ó Iarla Thuamhan, a raibh gaol éigin aige léi. Is cosúil gur timpeall na bliana 1610 a tharla sé seo.
Is beag eile atá ar eolas againn faoi Thadhg, ach tá tagairt shuimiúil amháin dó sa bhfianaise a baineadh as Cú Chonnacht Ó Cianáin áirithe a gabhadh mar gheall ar a bheith páirteach i gcomhcheilg i gcoinne an rialtais sa bhliain 1615; crochadh é féin agus cúigear eile i gcathair Dhoire i mí Iúil na bliana sin. Ní féidir a rá le cinnteacht arbh ionann an Cú Chonnacht seo agus an sagart den ainm céanna a luadh in éineacht le Tadhg sa bhliain 1602, óir is mar fhile nó mar sheanchaí (‘a rhymer or chronicler’) a chuirtear síos air sa chuntas ó 1615; deirtear ina thaobh chomh maith: ‘[W]e think he was brother of Teig Oge O’Kennan that went with Tyrone and died at Roome’.
Is cosúil gur bhreac Tadhg aon lámhscríbhinn amháin eile, ar a laghad, seachas a chuntas tábhachtach ar Imeacht na nIarlaí, ach ní mhaireann an saothar eile sin inniu. I lámhscríbhinn dar dháta 28 Márta 1627 a scríobh an Bráthair Bocht Mícheál Ó Cléirigh, stiúrthóir na foirne léannta ar a dtugtar ‘Na Ceithre Máistrí’, tá colafon ag tagairt do sheantéacs dar teideal Ionnarba Mochuda a Rathain ina ndeirtear: ‘As an leabhar do scríobh Tadhg Ó Cianáin do scríobhadh an beagán sin . . .’. Cé nach féidir a bheith lándeimhin de, meastar gurb é an Tadhg s’againne atá i gceist ansin.

Lámhscríbhinn Thaidhg agus stair na lámhscríbhinne

Maireann cuntas Thaidhg ar Imeacht na nIarlaí, 1607–8, in aon lámhscríbhinn amháin, ar a dtugtar Ls A 21 agus atá ar coimeád i measc na lámhscríbhinní Proinsiasacha i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath. Lámhscríbhinn pháipéir í agus díreach faoi bhun 140 leathanach inti. Aon duine amháin a bhreac an téacs ar fad, agus tá sé le tuiscint ó nótaí éagsúla sa lámhscríbhinn gurb é údar an téacs, Tadhg Ó Cianáin, an scríobhaí.
Tosaíonn cuntas Uí Chianáin ar 6 Meán Fómhair 1607 agus críochnaíonn ar 27 Samhain na bliana dar gcionn, 1608, ach tá nóta amháin sáite isteach ag bun lch 96 ar a bhfuil an dáta 24 Meán Fómhair 1609. Spreagann sé seo an cheist: an saothar neamhchríochnaithe é seo, nó an raibh sé i gceist ag an údar an scéal a thabhairt ar aghaidh tamall níos faide?
Léamh amháin a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an scéal ar fad gur chuir Tadhg an téacs le chéile ó nótaí comhaimseartha a bhí breactha aige i rith an turais agus nach bhfuair sé riamh an deis dul níos faide ná deireadh mhí na Samhna sa bhliain 1608—toisc, b’fhéidir, gur stop sé de bheith ag breacadh na nótaí comhaimseartha, nó na dialainne, ag an am sin. Nó b’fhéidir gur theip ar a shláinte nó, fiú amháin, go bhfuair sé bás sula raibh deis aige an saothar a thabhairt níos faide? Is fiú a thabhairt faoi ndeara freisin go bhfuil cuid de na míreanna deiridh sa saothar as ord ó thaobh ama de, amhail is gur cuireadh le chéile faoi dheifir iad. Dhealródh sé, áfach, gur thart ar Mheán Fómhair na bliana 1609 a bhí an téacs mar atá sé againn anois á chur le chéile, óir tá aontacht agus leanúnachas sa stíl pheannaireachta ó thús deireadh.
Maidir le stair na lámhscríbhinne, is féidir a bheith réasúnta cinnte de gur sa Róimh a scríobhadh í, ach am éigin i ndiaidh a scríofa—agus tar éis bhás an scríobhaí, is dócha—tugadh í go Lobháin, go Coláiste Éireannach San Antaine, san Ísiltír Spáinneach (.i. an Bheilg inniu). Is cosúil go raibh sí ansin thart faoi lár an 17ú haois, ar a dheireanaí, óir luaitear téacs Thaidhg i dtrí liosta atá ceangailte anois isteach sa Ls A 34; is í an t-ainm a thugtar uirthi ansin ‘Turas na nIarladh as Éirinn’. Tá nóta Laidine ag gabháil le ceann de na liostaí sin a deir gurb é atá ann: ‘Clár na lámhscríbhinní Laidine agus Gaeilge a bhí tráth i seomra an Athar Mhic Colgáin, [agus] ar bhain an tAthair Ó Sírín úsáid astu ina dhiaidh sin’.
Is í an bhrí atá le baint as an méid sin go raibh lámhscríbhinn Uí Chianáin i seilbh Sheáin Mhic Colgáin i Lobháin sular cailleadh an mórscoláire úd as Inis Eoghain sa bhliain 1658, agus go raibh sí ina dhiaidh sin ag an Athair Tomás Ó Sírín a fuair bás sa bhliain 1673. Ceist nach féidir a fhreagairt ag an bpointe seo, áfach, is ea cé thug an lámhscríbhinn ón Róimh go Lobháin agus cén uair go baileach a tharla sé sin.
Maidir lena stair ina dhiaidh sin, is eol dúinn gur fhan an lámhscríbhinn i Lobháin go dtí aimsir Réabhlóid na Fraince nuair a ghlac rialtas na Fraince seilbh ar Choláiste San Antaine. Am éigin i samhradh na bliana 1793, de réir dealraimh, is ea a bogadh sciar de na lámhscríbhinní a bhí sa choláiste go dtí Coláiste San Iosadóir sa Róimh. Bhí na lámhscríbhinní, agus Coláiste San Iosadóir féin, i mbaol mór arís nuair a ghabh na Francaigh an Róimh in 1798–9; bhí sé ar intinn acusan an coláiste a leagan go talamh, ach tháinig an foirgneamh agus na lámhscríbhinní slán. Rinneadh iarrachtaí éagsúla i rith an 19ú haois na lámhscríbhinní Gaeilge a thabhairt ar ais go hÉirinn ach is beag dul chun cinn a rinneadh go dtí tús na bliana 1872 nuair a measadh baol a bheith ann go gcuirfeadh rialtas nua na hIodáile aontaithe Coláiste San Iosadóir faoi chois agus go ngabhfaí na saothair luachmhara léinn sa leabharlann.
Tháinig ambasáid na Breataine sa Róimh i gcabhair ar na lámhscríbhinní Gaeilge de bharr impí ón Tiarna Seán Ó hÁgáin, tiarna seansailéir na hÉireann agus fear a bhí páirteach tráth dá shaol le gluaiseacht Éire Óg. Le cúnamh ó údaráis na Breataine cuireadh na seoda cultúrtha seo ar ais go hÉirinn agus coimeádadh go cúramach iad i gCé na gCeannaithe, Baile Átha Cliath, go dtí gur bunaíodh Teach Staidéir na bProinsiasach, Dún Mhuire, i gCill Iníon Léinín in 1946. In 2000 bogadh na lámhscríbhinní Gaeilge go Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, agus tá siad le feiceáil anois ar an suíomh idirlín ISOS [Irish Script on Screen], a bhunaigh Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ardléinn Bhaile Átha Cliath.

Eagráin go dtí seo agus le teacht

Cuireadh eagar ar théacs Uí Chianáin den chéad uair breis is nócha bliain ó shin. Ba é an tAthair Pól Breathnach (1885–1941), scoláire Gaeilge agus staraí ón Iarmhí, an t-eagarthóir, agus foilsíodh a eagránsan—idir théacs, aistriúchán agus nótaí—mar fhorlíonadh le trí huimhir den iris Archivium Hibernicum sna blianta 1913, 1914 agus 1915. Cuireadh an t-iomlán amach i bhfoirm leabhair, faoin teideal The Flight of the Earls, sa bhliain 1916.
In 1972 d’fhoilsigh Foilseacháin Náisiúnta Teoranta athchóiriú le Pádraig de Barra ar an téacs (nó ar an gcuid is mó de, óir fágadh sleachta suntasacha ar lár); tugadh an téacs i nGaeilge chaighdeánta an lae inniu, agus ina theannta sin bhí suas le dhá chéad leathanach de réamhrá agus de thráchtaireacht an-chuimsitheach leis an Athair Tomás Ó Fiaich, a bhí an tráth sin ina Ollamh le Stair i Maigh Nuad. Imeacht na nIarlaí ba theideal don eagrán nua, rud a léirigh an drochmheas a bhí ag Ó Fiaich ar an téarma ‘flight’ nó ‘teicheadh’, arbh iad na húdaráis ghallda a bhaist é ar an eachtra chinniúnach úd ceithre chéad bliain ó shin.
Tá atheagráin ar na bacáin faoi láthair ina dtabharfar an téacs ina iomláine i litriú normalaithe (de réir chaighdeán na Gaeilge Clasaicí—faoi mar a rinneadh fadó, cuir i gcás, in Sgéalaigheacht Chéitinn). Bainfear leas as aistriúchán Phóil Bhreathnaigh, ach é a bheith leasaithe agus ceartaithe, agus tabharfar aistriúchán Béarla ar réamhrá agus ar thráchtaireacht Uí Fhiaich, mar aon le sciar maith de nótaí an Bhreathnaigh. Chomh maith leis sin déanfar plé ar phointí éagsúla—mar shampla, an chaoi a gcaitheann Ó Cianáin le logainmneacha iasachta; an sciar mór iasachtaí atá glactha aige ó theangacha éagsúla mar an Spáinnis, an Fhraincis, an Dúitsis, an Iodáilis, an Béarla, srl.; an chosúlacht idir gnéithe den téacs agus an cur síos a rinne an Sasanach Fynes Moryson ar thuras a rinne sé féin tríd an Iodáil ceithre bliana déag roimh na hIarlaí; na liostaí éagsúla de na daoine a bhí páirteach i gcoda éagsúla den turas idir Ráth Maoláin agus an Róimh. Foilseofar é ag an Pontificio Collegio Irlandese (Coláiste na nGael) sa Róimh—an chathair ba cheann scríbe do na hÉireannaigh ceithre chéad bliain ó shin—i nDeireadh Fómhair na bliana seo.

Tá Nollaig Ó Muraíle ina léachtóir sinsearach le Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus tá eagrán úr cuimsitheach de théacs Thaidhg Uí Chianáin réidh aige, le foilsiú ag an Choláiste Éireannach sa Róimh.

Léitheoireacht bhreise:

P. de Barra & T. Ó Fiaich, Imeacht na nIarlaí (Baile Átha Cliath, 1972).

N. Ó Muraíle (eag.), Turas na dTaoiseach nUltach as Éirinn: From Ráth Maoláin to Rome: Tadhg Ó Cianáin’s contemporary narrative of the so-called ‘Flight of the Earls’ (le foilsiú i mbliana).

P. Walsh (ed.), The Flight of the Earls by Tadhg Ó Cianáin (Maynooth, 1916).

'


Copyright © 2020 History Publications Ltd, Unit 9, 78 Furze Road, Sandyford, Dublin 18, Ireland | Tel. +353-1-293 3568