An Dúchas agus an domhan

Published in Book Reviews, Issue 5 (Sep/Oct 2006), Reviews, Volume 14

An Dúchas agus an domhan 1An Dúchas agus an domhan
Diarmuid Ó Giolláin
(Cork University Press, E39)
ISBN
Ina leabhar ceannródaíoch Locating Irish Culture (2000), thóg Diarmuid Ó Giolláin chun léire na tuiscintí idé-eolaíochtúla a mhair laistiar d’fhorbairt choincheap an bhéaloidis ar mhór-roinn na hEorpa ó tosaíodh ag plé go comhfhiosach leis mar choincheap agus an t-ochtú haois déag ag dul thar droim. Sa chomharba seo ar an leabhar sin pléann sé ‘scéal an chultúir thraidisiúnta agus an tslí ar cuireadh in oiriúint don nua-aoiseacht é’. Déantar an cúram seo a phlé faoi thrí cinn de cheannteidil: ‘am’, ‘áit’ agus ‘pobal’ agus déantar na caibidlí ar leith a roinnt ina bhfochodanna, rud a fhágann ina leabhar soléite inláimhseáilte é.
Fadhbaítear (más ceadmhach briathar a cheapadh) an béaloideas mar choincheap agus mar chleachtas: coincheap é an béaloideas nach raibh trácht air sna pobail thraidisiúnta go dtí gur thosaigh scoláirí agus cuairteoirí cathrach ag taobhú lucht a sheachadta. Cartlannú ar bhonn práinne a rinne na bealoideasóirí in Éirinn: chreid a bhformhór nach raibh a dhath i ndán do bhéaloideas na sochaí traidisiúnta agus go ngéillfí luath nó mall d’fhórsaí réasúnaíocha an tSoilsithe. (Roghnaíonn Ó Giolláin ‘An Soilsiú’ mar théarma don Eclairissement; áit a mbeadh ‘An Eagnaíocht’ ag roinnt scríbhneoirí eile.)
Is ag plé leis na scéalta beaga áitiúla, na petites histories, a bhítí sa tsochaí thraidisiúnta agus bhí dhá chineál cuimhne in uachtar ann, an chuimhne eitneach (a bunaíodh ar an áit) agus an chuimhne stairiúil (a bunaíodh ar an am). Léiríonn Ó Giolláin gur pósadh an dá thuiscint seo le chéile in Éirinn do réir a chéile le féiniúlacht náisiúnta a chruthú, rud a d’fhág mórinsint uilíoch an náisiúnachais againn. Cé nach luaitear sa leabhar é, chuirfeadh an domhainléargas seo ar chumas na scoláirí sin atá ag plé le rútaí an náisiúnachais Éirinnigh teacht ar thuiscint a dhoimhneodh go mór an plé achrannach ina measc i dtaobh na ceiste seo. Is í móríoróin an scéil go bhfuil na mórinsintí uilíocha curtha de dhroim seoil anois ag an iar-nua-aoiseachas agus an saol á chur i dtuiscint in athuair trí mheán na petites histories.
Leathnaíodh tuiscint an duine ar an spás le leathnú na teicneolaíochta agus an taistil agus cé go samhlaítear na mórfhaisnéiseoirí le háit ar leith—Éamonn a’ Búrc le hAill na Brún, cuir i gcás—is den riachtanas é go gcuirfí san áireamh an taisteal a rinne na faisnéiseoirí féin, an plé a bhí acu leis an alltar agus an teacht a bhí orthu acu siúd a bhí ag triall orthu ó chathracha abhus is i gcéin. Níor ghnách do na bailitheóirí suntas a thabhairt don ainnise agus easpa oideachais a bhí in uachtar sa tsochaí thraidisiúnta ach murach gur fhág timpiste traenach ar leathchois é, is i St Paul, Minnesota a bheadh a shaol caite ag Éamonn a’ Búrc agus má bhí tóir na scoláirí ar Mhicheál Turraoin i mBaile Uí Churraoin sa Rinn ba thoradh é seo ar é a bheith dall ar an léamh, siocair an bata a bheith curtha abhaile air ag múinteoir scoile a rug air ag ól tobac agus col a bheith glactha leis an scoil dá bharr aige.
Máirtín Ó Cadhain agus Seoirse Mac Tomáis—poblachtánach agus Marxach faoi seach—ab fhearr a thuig cás na bpobal daoine arbh ina measc a mhair amhábhar na cartlannaíochta agus thugadar droim láimhe don tuiscint statach ar chultúr na bpobal seo a bhí in uachtar i measc na mbailitheoirí. Tuigeadh dóibh beirt go gcaithfí athnuachan a dhéanamh ar an tsochaí thraidisiúnta dá mbeifí le cultúr phobail an bhéaloidis a thabhairt slán isteach sa nua-aoiseachas:

‘Níor fhéad an Cadhanach ná Seoirse Mac Tomáis an béaloideas agus na daoine a raibh sé acu a idirdhealú óna chéile. Agus ag deireadh is féidir todhchaí do léann an bhéaloidis a shamhlú ina gcuid scríbhinní, a thuar na fadhbanna scolártha a aithníonn scoláirí béaloidis agus eitneolaíochta an lae atá inniu ann.’ (lth. 134)

Leathshocaí ab ea an tsochaí thuathánach do réir léamh Uí Ghiolláin mar gur lasmuigh de a bhí láthair na cumhachta. Bagairt ar an bpobal traidisúnta ab ea dulchuncinniúlacht an duine aonair agus is ag cúlú óna chéile a bhíodh tuathánaigh in am an ghátair. Cé nach luaitear go follasach é, tacaíonn seo le léamh Chormaic Uí Ghráda (Béaloideas, 2001) ar thróp liteartha ‘collective memory’ an Drochshaoil, coincheap a bhí sa bhfaisean le linn rachtanna comórtha na nóchaidí; faraor, is in adharca a chéile a bhíodh na híobartaigh agus is ag treisiú a bhíodh comórtas síoraí aicmí na tuaithe do réir mar a bhíodh an gorta ag dul i neart.
Ba bheag smacht a bhí ag an bpobal traidisiúnta ar an ábhar a cruinníodh uathu agus tá creat dlí anois ar an ngaol a bhí ag bailitheóirí agus faisnéiseoirí lena chéile de thoradh fhorbairt dhlí an tsealúchais intleachtúil. Is ag na hinstitiúidí a d’fhostaigh na bailitheóirí atá an cóipcheart dlithiúil (nó ag an mbailitheoir féin i gcás bailitheora neamhspleách), coincheap a thagann go maith le cruthaitheacht an ealaíontóra ach a thagann salach ar nádúr an bhéaloidis, ‘táirge’ nach mbíodh bunchóip ná leagan údarásach ar leith aige.
Leagann Ó Giolláin béim ar an gcuma ina bhfuair uilíochas na Críostaíochta an lámh in uachtar ar shainiúlacht áitiúil na dtoibreacha beannaithe ach ní théann sé i ngleic le fráma ama na dtoibreacha mar atá sin pléite ag Michael P. Carroll ina leabhar conspóideach, Irish Pilgrimage (1999). Ní hionann, ar ndóigh, ainm naoimh a bheith le tobar agus stair chianársa a bheith aige; áitíonn Carroll gur ‘invented tradition’ é cultas na dtoibreacha a cothaíodh d’aonghnó sa ré iar-Reifirméisin le ‘communitarianism’ a chruthú i measc na gCaitliceach. Do réir a théise seisean, d’fhéach an chléir Chaitliceach le toirmeasc a chur ar chultas na dtoibreacha beannaithe, a gconstráid féin, mar go rabhthas ag iarrraidh luachanna na feirme móire agus na cléire ar de iad a chur i gcion ar an tsochaí Chaitliceach. Le háireamh i measc na luachanna sin bhí lárnachas an teaghlaigh i leaba lárnachas an phobail, údarás daingeanlárnaithe agus drochiontaoibh as daoine óga a bheith le chéile i measc an tslua, mar a bhíodh lá pátrúin.
Níl amhras ina thaobh ach go bhfuil forás nach beag tagtha ar thuiscint agus ainilís intleachtúil an bhéaloidis de dheasca an leabhair seo agus de dheasca Locating Irish Folklore a tháinig roimhe.

[An Dúchas agus an Domhan by Diarmuid Ó Giolláin follows on from the author’s groundbreaking and highly influential 1999 book, Locating Irish folklore. While the latter analysed the ideological, political and historical evolution of folklore as a discipline, the present work analyses the relationship of folklore to modernity under the headings of ‘time’, ‘place’ and ‘community’. Collectors of folkore saw the communities among whom they collected as repositories of a doomed culture and so collected under what they perceived as emergency conditions, forming considerable archives in the process. Many of the more outstanding informants were, in part at least, so informed as a function of their deprivation. In contrast to the prevailing orthodoxy among collectors, Máirtín Ó Cadhain and George Thomson—a republican and an English Marxist repectively—were notable in their belief that the source communities could and should undergo cultural and social renewal while preserving their cultural character. Ó Giolláin sees traditional communities as ‘semi-societies’ in that power resided outside them. While Ó Giolláin’s study does not mention Cormac Ó Gráda’s refutation (Béaloideas, 2001) of the literary trope of collective Famine memory, there is much in this study which would support Ó Gráda’s contention that, rather than creating social solidarity, the Famine exacerbated social competition.
Folklore embraces two types of memory: ethnic (based on place) and historical (based on time). These eventually coalesced, helping in the process to create modern Irish nationalism.  This analysis offers a considerable insight for those involved in contentious debates on the origins and roots of Irish nationalism.
Meanwhile, postmodernism’s replacement of metanarratives with petites histories creates renewed possibilities for folklore narratives. The relationship of collectors to informants and their communities has been given a legal framework by the law on intellectual property under which copyright resides with the collector or with the collector’s employing institution, where such there was. This legal framework may suit creative artists but sits oddly with folklore, a discourse without originals. Ó Giolláin emphasises the manner in which the universality of Christianity supplanted the local specifity of the holy well. He does not, however, discuss Michael P. Carroll’s contention in Irish pilgrimage (1999) that holy wells and their patterns were a post-Reformation ‘invented tradition’, invented by the Catholic Church in order to cultivate ‘communitarianism’ among the Catholic population. This book and Locating Irish folklore extend greatly the intellectual analysis and understanding of folkore.]
Proinsias Ó Drisceoil is joint editor (along with Mary Ó Drisceoil) of the Tipperary Historical Journal.

'


Copyright © 2022 History Publications Ltd, Unit 9, 78 Furze Road, Sandyford, Dublin 18, Ireland | Tel. +353-1-293 3568