Triall ar an tobar Gaelach

Published in Early Modern History (1500–1700), Features, Gaelic Ireland, General, Issue 6 (Nov/Dec 2009), Volume 17

 

Flúirseacht agus éagsúlacht na bhfoinsí
Bíodh go raibh brú mór tubaisteach ar achan ghné de chóras na nGael sa chéad leath den tseachtú haois déag, tháinig blathú ar chúrsaí litríochta agus léinn. Bhí litríocht don scoth á cumadh sa tréimhse sin sna réimeanna éagsúla. Tá Annála Ríochta na hÉireann, Foras Feasa ar Éirinn, Cín Lae Uí Mhealláin agus dréachtaí staire agus seanchais eile againn, litríocht chráifeach, graiméir, foclóirí, beathaí na naomh agus dinnseanchas le fáil. Ar ndóigh, bhí ardchaighdeán filíochta á scríobh agus tá crá agus díshealbhú na nGael go minic mar phríomhábhar san fhilíocht seo.
Ba é chéad leath na seachtú haoise déag ré-órga na bProinsiasach, ar ndóigh, agus d’fhág siad rian buan ar shaol agus ar litríocht na hÉireann. Chomh maith le tithe nóibhíseacha agus coláistí a rialú agus diagacht agus fealsúnacht a theagasc, bhunaigh siad cineál institiúid staire agus léinn Éireannaigh i Lobháin agus in áiteanna eile. Cheap siad scéimeanna le gach blúire a bhain le stair na hÉireann i leabharlanna na hEorpa agus in Éirinn a aimsiú, a mheas agus a chur i gcló. Chuir siad ar fáil cuid mhaith buntéacsaí a chum siad féin agus aistriúcháin ar chuid de théacsaí clasaiceacha na hEorpa. Bhí Proinsiasaigh Lobháin go háirithe ag foilsiú leabhar Gaeilge agus á scaipeadh i measc na nGael a bhí ar deoraíocht ar an Mhór Roinn. Tá flúirseacht foinsí Gaeilge ann mar sin ina léirítear dearcadh agus meon na nGael ar imeachtaí comhaimseartha. Tá cuid de na foinsí Gaeilge a scríobhadh i Leath Chuinn sa tréimhse sin idir Plandáil Uladh agus léirscrios Chromaill faoi chaibidil san alt seo. D’ionannaíodh an lucht léinn le Leath Chuinn nó Leath Mogha in áit chúige ar bith—rud a bhí ríshoiléir le linn ‘Iomarbhágh na bhFileadh’ c. 1616.

Annála na gCeithre Máistrí

Sníonn Plandáil Uladh trí fhoinsí Gaeilge agus litríocht na Gaeilge ó aimsir na Plandála ar aghaidh. Chaill muintir an tuaiscirt na taoisigh mhóra sin a ba bhun le córas na nGael le linn ‘Imeacht na nIarlaí’ dhá bhliain roimhe sin agus chuir Plandáil Uladh deireadh le cibé dóchas a bhí ann go bpillfeadh na taoisigh chéanna faoi lán cumhachta arís. Thuig Míchéal Ó Cléirigh agus scríbhneoirí eile Annála Ríochta na hÉireann go maith gurbh é Imeacht na nIarlaí sin agus Éirí Amach Chathair Uí Dhochartaigh a thug faill do Rialtas na Sasana Plandáil Uladh a chur ar obair. Mar a scríobh Ó Cléirigh faoi Éirí Amach Uí Dhochartaigh (1608) sna 1630í le bua an iarchoinn:

 

‘Bá de eiccin, & do imtheacht na n-iarladh att-rubhramar, tainicc a n-domhnus & a n-dúthaigh, a f-forba, & a f-fearann, a n-dúine, & a n-diongnadha, a c-cuanta caomhthurcarthacha, & a n-inbeara iaiscc iomdha do bhein do Gaoidhelaibh Chóiccidh Uladh, & a t-tabhairt ina f-fiadhnaisi do eachtair chenélaibh & a c-cor-somh for athchur, & for ionnarbadh in aile criochaibh comhaigthibh go ro éccsat a n-ermhór.’

Filí agus filíocht

Is foinse an-tábhachtach staire í filíocht na seachtú haoise déag ina dtáispeántar dearcadh an aosa léinn ar chúrsaí na linne sin. Ní mór an gaol speisialta siombóiseach idir an lucht léinn agus an t-uasalaicme Gaelach a chur san áireamh agus filíocht na tréimhse á léamh againn. Bhí na filí i gcroílár an chórais traidisiúnta agus iad ag brath ar phatrúnacht an uasalaicme le slí bheatha rathúil a bhaint amach. Ar ndóigh, bhí na taoisigh go mór i dtuilleamaí na bhfilí agus an ról a bhí acu i mbuanú agus i neartú na taoiseachta. Ní ábhar iontais é mar sin gur chaoin na filí imeacht na dtaoiseach thar lear agus an plandáil a tháinig ina dhiaidh mar bhí siad go bunúsach ag caoineadh deireadh a réime féin. Is sa chomhthéacs seo a chaithfimid freagairt na bhfilí ar Phlandáil Uladh a léamh.
B’ionann na hathruithe a lean Imeacht na nIarlaí—coigistiú a ndúichí agus Plandáil Uladh—agus bás d’Éirinn, dar le Fear Flatha Ó Gnímh (a d’fhreastail mar fhile ar theaghlaigh mhóra oirthear Uladh):

Ionann is éag na Fódla
Ceilt a córa ’s a creidimh,
Táire a saormhac ’s a saoithe,
Más fíor laoithe ná leitir.
(Beannacht ar anam na hÉireann, 5–8)

Ba mhinic an port céanna a bhualadh aige féin agus ag go leor de na filí eile le linn na mblianta éidearfa sin. Tá againn dánta mar Tairnig Éigse fhuinn Ghaoidheal leis an fhile chéanna ina chaoineann sé deireadh ré na bhfilí agus na filíochta in Éirinn

Tairnig éigse fuinn Ghaoidheal;
adhbhar suadh ná saordhraoidheadh
Ní mhair díobh—damhna cumhadh—
Ná díol anama ollamhan.
(Tairnig Éigse fhuinn Ghaoidheal, 1–4)

Tá an dán seo mar mharbhna ar fhilí móra agus ar theaghlaigh léannta na hÉireann agus is iad na fodhaoine atá i gceannas anois is ciontaí le himeacht na héigse, dar le Ó Gnímh:

Thug fógra dhámh an domhain
Is col d’fhagháil d’ealadhain
Fuil chrannda dá cora i gcion
’s na fola arda íseal.
(Éigse fhuinn Ghaoidheal, 37–40)

Ar ndóigh, chuaigh Plandáil Uladh trom ar na filí. Ní hamháin gur chaill siad cuid de na patrúin a ba thábhachtaí agus an ról agus an stádas a bhí acu sa chóras traidisiúnta ach chaill go leor filí dá raibh acu féin. Cé gur éirigh le roinnt acu greim a choinneáil ar a gcuid dúichí faoin chóras úr is dócha gur chuir focail Fhearghail Óig Mhic an Bhaird síos ar chúinsí pearsanta na bhfilí agus na dtaoiseach i gcoitinne ag an am:

Do choilleas onóir m’anma,
’s mo bhuar ’s mo lucht leanamhna,
’s mo dhuthchas—gidh dál pudhair—
i gClár chlúmhchas Chonchubhair . . .
(Éist le m’éagnach, a fhir ghradh, 9–12)

Chaill Mac an Bhaird an sealúchas a bhí aige i dTír Chonaill am éigin i ndiaidh na bliana 1616 ach mar is léir óna línte thuas chaill sé níba mhó ná talamh de dheasca na Plandála. Chum Mac an Bhaird, a raibh Brian na Múrtha Ó Ruairc, Toirealach Luineach Ó Néill, Aodh Mhág Aonghusa, Cormac Ó hEadhra agus Cúchonnacht Mag Uidhir i measc na bpatrún a bhí aige, chum sé na línte thuas i ndiaidh dó teacht go dtí an Ísiltír agus é ag cuartú tacaíochta ó Fhlaithrí Ó Maolchonaire, Ardeaspag Thuama.

An timpeallacht fhisiciúil
Ní amháin gur athraigh Plandáil Uladh timpeallacht pholaitíoch, eacnamaíoch, shóisialta agus intleachtúil an aosa léinn ach rinneadh athruithe móra ar an timpeallacht fhisiciúil dá bharr. Tá marbhna spéisiúil ann a scríobh file gan ainm ar bhás Néill Ghairbh Uí Dhónaill sa bhliain 1626 in luaitear cuid de na hathruithe sin a tháinig isteach leis an Phlandáil:

Foithre a sealg i n-a sráidibh,
a hoirecht n-a n-acáidibh,
a taoisigh gan treabha a bprémh,
cneadha an laoigh-sin a leithsgél.
(Bean do lámhaigeadh Leith Cuinn, 121–124)

Maíonn an file seo gur tharla Plandáil Uladh mar gur cneádh Niall Garbh—b’fhéidir go raibh cuid den cheart aige sa dóigh is gurbh airsean a bhí cuid den locht. Fear páirte na Sasanach a bhí in Niall Garbh le linn Chogadh na Naoi mBliana, ar ndóigh, agus chuir a chuid cealgaireachta go mór le treascairt Ghaeil Uladh a d’ullmhaigh an bealach don Phlandáil.
Caoineann Lochlainn Ó Dálaigh na hathruithe céanna i gceann de na dánta is cáiliúla a scríobhadh ar thionchar na Plandála ‘Cáit ar ghabhadar Gaoidhil?’ Cuireann sé síos ar mhilleadh na timpeallachta dúchasaí le tógáil na bhfoirgneamh agus na mbailte úra agus leis na hiarrachtaí a rinne na plandóirí an talamh a thabhairt chun míntíreachais. Tá anois ‘dorchfhoithre sealg ’na sráidibh’ (48) agus ‘sliabh ’na gortoibh gabhála’ (52). Tá an t-ord nádúrtha trína chéile mar go bhfuil:

Aonuighe a n-áitibh sealga,
Sealga ar slighthibh suaitheanda,
Creasa tar fhaithche d’fhál air,
Gan dál ghraifne fá a ngruadhaibh.
(53–56)

Scriostar áiteanna cónaithe na n-uaisle, ‘bruidhne flaithfhear’ (57) agus tógtar ‘líne lios bhfrosuaidneach bhfionn’ (59) ina n-áit. Is spéisiúil léamh an fhile ar an tionchar trom síceolaíoch a d’fhág cúrsaí comhaimseartha ar na Gaeil. Deir sé gur ghoid anfhorlann agus éagóir na Plandála na hanamacha uafa agus gur fágadh laochra na nGael leathbheo:

Daoire na mbreath bhíos orra,
Gadaidh asda a n-anmanna;
Laoich ghleogharbha ghuirt Lughaidh,
Cuirp bheómharbha a mbaramhuil.
(69–72)

Pionós Dé nó éagóir na Breataine?
Léiríonn Ó Dálaigh an turraing, an mearbhall agus an dobrón a d’fhág athruithe tobanna na Plandála ar na Gaeil. Tá cúrsaí chomh holc sin go bhfuil an file cinnte gur pionós Dé atá ann agus go gcaithfidh na Gaeil pheacacha maithiúnas a iarraidh. Taobh istigh de dhá scór bliain, áfach, fágann údar an dáin ‘An Síogaí Rómhánach’ an locht go daingean ar Rí Séamas I (VI):

I ndiaidh na mná seo tháinig Séamas.
Níor thuar faoiseamh do chríocha Fhéilim,
An fear do thógaibh a bpór as a bhfréamhaibh
Is d’órdaigh a dtalamh do thamhas le téadaibh,
Do chuir Saxanaigh i leabaidh na nGaol nglan
Is transplantátion ar chách le chéile.
(89–94)

Cuireann an file in iúl go bhfuil sé sínte ar thuama Aoidh Uí Néill agus Ruairí Uí Dhónaill in Eaglais Naomh Pietro Montorio sa Róimh agus é ag cumadh an dáin seo. Níl ainm an fhile ar eolas againn ach is cinnte gur scríobhadh an dán idir mí Mheithimh 1650 agus mí Mhárta 1653 nuair a básaíodh Sior Féilim Ó Néill.

Tulach Óg, Co. Thír Eoghain, suíomh oirnithe na Niallach atá luaite ag údar Chín Lae Uí Mhealláin [Tullyhogue, Co. Tyrone, inauguration site of the O’Neills mentioned by the author of Friar O’Mellan’s Journal].

Tulach Óg, Co. Thír Eoghain, suíomh oirnithe na Niallach atá luaite ag údar Chín Lae Uí Mhealláin [Tullyhogue, Co. Tyrone, inauguration site of the O’Neills mentioned by the author of Friar O’Mellan’s Journal].

Cín Lae Uí Mhealláin
Tá foinse thábhachtach Ghaeilge eile againn ón tréimse chéanna a scríobh Ultach mar atá ‘Cín Lae Uí Mhealláin’. Cuntas reatha ar imeachtaí Éirí Amach na nGael 1641–7 i gCúige Uladh agus i gCúige Laighean atá sa Chín Lae. Glactar leis gurbh é Toirealach Ó Mealláin, sagart Proinsiasach as Tír Eoghain, á scríobh. Cuireann leathanaigh thosaigh ‘Chín Lae Uí Mhealláin’ na hUltaigh sin a bhí fágtha i ndiaidh Imeacht na nIarlaí os ár gcomhair agus iad ag athghábháil a dtailte dúchasacha: ghlac Sior Feilim Ó Néill Charlemont agus Dún Geanuinn ar an triú lá is fiche de Dheireadh Fómhair; gabhadh Iúr Cinn Trá ag Sior Conn Mag Aonasa; tháinig Ruairí Mag Uidhir i réim aris i bhFear Manach; ghlac Clann Uí Anluain athsheilbh ar Thóin re Gaoith is ghabh Clann Uí Chuinn agus Cormac Ó hÁgán Muinseoi, Muine Mór, Machaire Fiogad agus Béal Átha:

‘Do gabhadh Serlimont, agus tigherna an bhoile My Lord Caulfilld, agus a roibh ann ó sin síos. Do gabhadh D?n Genuinn, a chaptin, .i. Parcens, agus an boile ó sin síos le Raghnall Mac Domhnaill, .i. mac an Fhir Dorchae, mhic Eoin, etc., agus le P?d[raic] Modarra Ó Donn[gh]aoile; ’s do gabhadh garasd?n m?r Muinseoigh, agus a shaighdi?righ lasan ccaptin Toirdhealbhach Gruamdha Ua Coinne; ’s do [gabhadh] cúirt Mí Lord Caulfilld a mBoile Í Dhonnghoile le P?d[raic] Modarra Ó Donnghoile, Captin’.
(14–20)

I gceann dhá lá gairid rinneadh máistrí Thír Eoghain agus Ard Mhacha de na Gaeil agus bhí codanna de Mhuineachán, d’Fhear Mánach, den Dún agus de Dhoire faoina smacht fosta. Milleadh go leor d’obair na Plandála lena léarscáileana agus suirbhéanna. Cuireann Ó Mealláin síos go héifeachtach ar an chumhacht a mhothaigh na SeanGhaeil agus an bua acu in aon abairt amháin. Insítear dúinn gur ordaigh Sior Féilim:

‘. . . mart ramhur, meadur ime, agus ceithre sgill[inge] d’airgiod san mboili bhó ón Ghlas Dromuinn go Tulaigh Óg’.
(62–63)

Thuas: Leathanach sínithe Annála na gCeithre Máistrí [the signature page of the Annals of the Four Masters]. (UCD-OFM Partnership)

Thuas: Leathanach sínithe Annála na gCeithre Máistrí [the signature page of the Annals of the Four Masters]. (UCD-OFM Partnership)

Mar a chuireann forógra Sior Feilim in iúl, shíl na SeanGhaeil agus Ó Mealláin go raibh córas na nGael agus a chuid dlíthe agus nósanna i réim arís. Ní raibh, áfach, agus thug teacht Chromaill agus an léirscrios a tharla dá bharr bráchbhuille do mheanmarca polaitaíochta na nGael ar feadh fada go leor.  HI

Tá Máire Nic Cathmhaoil ina léachtóir le teanga agus litríocht na Gaeilge in Ollscoil Uladh. 

Athléitheoireacht:

 

O. Bergin, Irish bardic poetry (Baile Átha Cliath, 1984).

M. Nic Cathmhaoil, ‘Cín Lae Uí Mhealláin’, Seanchas Ard Mhacha (2006), 35–54.

M. Ní Mhurchú agus D. Breathnach, 1560–1781: Beathaisnéis (Baile Átha Cliath, 2001).

B. Ó Doibhlin, Manuail de Litríocht na Gaeilge: Faisicil II, Litríocht linn an Choncais, 1536–1616 (Baile Átha Cliath, 2006).

'


Copyright © 2024 History Publications Ltd, Unit 9, 78 Furze Road, Sandyford, Dublin 18, Ireland | Tel. +353-1-293 3568